dcsimg

Acaicia ( Irish )

provided by wikipedia GA

Grúpa crann is tor, dúchasach don Astráil is réigiúin thrópaiceacha eile. Caol an t-ainm atá orthu san Astráil. Tá siad pischineálach, sa tslí is go dtógann siad nítrigin go díreach ón aer. Bíonn na duilleoga roinnte san iliomad duilleoigíní bídeacha, nó i ngnéithe ar leith, laghdaithe ina ngais duilleoige leacaithe, cosúil le duilleog-lanna. Bíonn na bláthanna buí den chuid is mó, beag líonmhar i gcrobhaingí cruinne nó caitínchruthacha. Saothraítear go leor gnéithe i gcomhair scátha, maisithe nó daingniú na hithreach gainmhí. Bíonn an duilliúr in úsáid mar fhoráiste. Tá go leor freisin a dhéanann adhmad an-chrua trádálach. Úsáidtear an choirt is na cochaill sa tsúdaireacht. Tálann cuid acu guma arabach. Saothraítear an t-acaicia gormdhuilleogach is an t-acaicia airgeadach, crainn bheaga, mar go dtáirgeann siad bláthanna don mhargadh.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA