Is Liamhán mór fíorionsaitheach é an siorc bán mór, an liamhán is baolaí ar fad, meastar. Fairsing sna farraigí trópaiceacha is measartha, i bhfad ón tír den chuid is mó, ach gar don chladach uaireanta. Suas le 6 m ar fhad. Idir liath is donn in uachtar, a íochtar bán. A fhiacla mór mionchíorach. Itheann sé cuid mhaith iasc eile, agus liamháin eile, deilfeanna is róin. Fógraítear ionsaithe liamhán bán ar dhaoine go minic.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.