dcsimg

Carúb ( Irish )

provided by wikipedia GA

Crann nó tom síorghlas a fhásann 10 m ar airde, dúchasach do réigiún na Meánmhara. Na duilleoga le 2-5 péire duilleoigín leathrúil ubhchruthach. Na bláthanna gan pheitil, iompartha ar bhláthraí gearra, cosúil le caitíní. Na cochaill suas le 20 cm ar fhad, crochta, vialait/donn nuair a bhíonn siad aibí. Tugtar an crann lócaiste air freisin. Fástar le haghaidh foráiste é, mar go gcuimsíonn sé na cochaill laíon ina bhfuil cuid mhaith próitéine. Deirtear gurb iad na síolta ann (pónairí) na caratmheáchain bhuntúsacha a bhíodh in úsáid ag órcheardaithe.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA