dcsimg

Ológ ( Irish )

provided by wikipedia GA

Crann síorghlas fadsaolach, dúchasach do réigiún na Meánmhara. Sroicheann sí airde 15 m. Stoc airgeadach cnapánach le han-chuid log. Na duilleoga os comhair a chéile, caol biorach leathrúil, dúghlas ar barr is éadrom faoina mbun. Na bláthanna beag bán le 4 pheiteal. Na torthaí súmhar olúil glas, ag aibiú thar bhliain go dtí dubh. Craobhacha tomógacha dealgacha is torthaí beaga ar an bhfoirm fhiáin. Á saothrú leis na cianta mar fhoinse ola olóige, a fhaightear ón toradh aibí. Déantar na torthaí glasa is dubha a phicilt. Faightear adhmad ó na crainn.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA