Ainmhí micreascópach atá gaolmhar, b'fhéidir, leis na hartrapóid. Colainn ghearr, 4 phéire géag giortach, go minic le hingne, codanna an bhéil fadaithe le haghaidh pollta. Timpeall 400 speiceas ar eolas. Faightear é i screamha dromchlacha uisce ar bhogaigh, crotail, algaí, easair plandaí, agus an chré.