Príomhach antrapóideach. Cuimsíonn sé na hápaí beaga (an giobún) agus na hápaí móra (an t-órang-útan, an goraille, an simpeansaí). Difriúil ó na moncaithe mar nach mbíonn eireaball acu, go bhfuil feidhm lena ngéaga uachtaracha le luascadh ó chrann go crann, agus nach siúlann siad ar feadh craobhacha na gcrann.