dcsimg

Easóg ( ирски )

добавил wikipedia GA

Cineál ainmhí beag feoiliteach í an easóg (Mustela herminea). Ainmneacha Gaeilge eile iad eas, beainín uasal agus cailín uasal. Bíonn na heasóga le fáil sna réigiúin mheasartha, fho-artacha agus artacha san Eoraip, san Áise agus i Meiriceá Thuaidh. Tugadh roinnt acu go dtí an Nua-Shéalainn freisin le srianta a chur leis na coiníní a bhí ag rith damhsa ar fud na n-oileán.

Bíonn na heasóga amuigh istoíche nó le creapascal an lae. Uaireanta, d'fheicfeá ceann acu de lá freisin.

Maraíonn an easóg feithidí, coiníní, creimirí cosúil le luchóga agus francaigh, éanacha, agus uaireanta, éisc. Tá an easóg in ann ainmhithe is mó ná í féin a mharú. Nuair is féidir léi níos mó ainmhithe a mharú ná a ithe, cuireann sí an farasbarr acu i dtaisce le haghaidh na coise tinne.

Tugann an easóg an-aire dá chríoch féin, agus í ag cur ruaigeadh ar na heasóga eile den ghnéas chéanna a chastar uirthi taobh istigh dá raon. Bíonn níos mó ná aon phluais aici taobh istigh dá raon, agus is minic a bhaineann sí úsáid as pluaiseanna na n-ainmhithe a mharaíonn sí. Cé go bhfuil an easóg chomh beag is atá, tá an baineannach an-fhada ag iompar clainne, mar atá, aon mhí déag. Luíonn sé le réasún nach féidir leis an easóg ach aon ál amháin a bhreith in aghaidh na bliana.

Bíonn an easóg donn, ach i dtíortha ina mbíonn sé ag síobadh sneachta sa gheimhreadh, iompaíonn an easóg bán le nach n-aithneofaí thar an sneachta í.


Ainmhí
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


лиценца
cc-by-sa-3.0
авторски права
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
изворно
посети извор
соработничко мреж. место
wikipedia GA