Planda den fhine Asteraceae í an leitís (Laidin:Lactuca sativa), a itear mar ghlasra. Úsáidtear go minic i saghsanna bhia éagsúla í, mar shampla i sailéid, ceapairí, burgair agus araile. Níl boladh nó blas ró-láidir aici, agus de bharr sin baintear feidhm aisti go forleathan sa chócaireacht. Tá ainm an phlanda bunaithe ar an bhfocal Laidin lac, a chiallaíonn 'bainne', mar tá sú le fáil inti.
Tá leitís oigheargheal ar cheann de na saghsanna leitíse is coitianta.