Cineál beag tuinnín a bhíonn forleathan i bhfarraigí trópaiceacha is measartha gar go leor don chósta. Bíonn sé flúirseach go háitiúil, an-tábhachtach in iascaireachtaí tráchtála tuinnín is iascaireacht spóirt. Suas le 1 m ar fhad, an taobh uachtarach gorm, na taobhanna airgeadach le fadbhandaí dorcha.